Welcome to dotSUB!
Any Video Any Language
Here you can view, upload, transcribe and translate any video into any language. To create your own subtitles, click the button below and register.
Enterprise Solutions
dotSUB's Enterprise Solutions are a cost-effective platform for managing high-quality subtitles at scale, deploying them to video players and mobile devices, and providing interactive transcripts for enhanced SEO.
Transcript for Burning Man - seachtain sa fhásach
| Time | Content |
|---|---|
| 00:10 → 00:12 |
Tá fáilte romhaibh go dtí an chathair Black Rock |
| 00:12 → 00:15 |
De ghnáth, ní bhíonn sa phíosa talún seo in Nevada |
| 00:16 → 00:19 |
ach ar feadh seachtaine i Mí Lúnasa tagann 50,000 anseo |
| 00:19 → 00:24 |
agus campáileann siad le chéile chun cathair shealadach a dhéanamh den áit don imeacht "Burning Man" |
| 00:25 → 00:28 |
Tá sí cosúil le gach cathair eile sa chaoi a bhfuil sráideanna agus seoltaí inti |
| 00:28 → 00:32 |
ach caithfidh na cónaitheoirí gach rud a theastaíonn uathu a thabhairt leo chun na cathrach seo |
| 00:33 → 00:37 |
Déanann siad malairtí fiala leis na "Burners" eile ina nach mbíonn cead acu airgead a úsáid le linn na seachtaine |
| 00:38 → 00:42 |
Tá smaointe suimiúla acu agus bhí mé anseo ina measc le foghlaim uathu! |
| 01:10 → 01:14 |
Bhí gach saghas daoine anseo agus rinne siad ionaid champála |
| 01:14 → 01:16 |
ina raibh siad ag flaithiúil lena smaointe |
| 01:17 → 01:22 |
Chaith mé a lán ama ag dul ó ionad campála go hionad campála eile agus mé ag glacadh páirt sna himeachtaí ag tarlú iontu |
| 01:26 → 01:29 |
Bhí mé ag fanacht sa champa Couchsurfing le chéile le 100 daoine eile |
| 01:32 → 01:35 |
An campa ab fhearr liom ná an "Costco Soulmate trading outlet" |
| 01:59 → 02:03 |
Mar sin, chláraigh muid leis an champa agus ansin tugadh ár n-anamchairde dúinn! |
| 02:04 → 02:08 |
Agus ár seoltaí campála ar láimh againn, chuaigh muid á lorg |
| 02:09 → 02:11 |
gur aimsigh muid iad! |
| 02:11 → 02:14 |
Níor bhuail mé le m'fhíoranamchara |
| 02:14 → 02:17 |
ach bhí an-chraic againn le linn an chuardaigh agus d'fhoghlaim mé a lán rudaí! |
| 02:19 → 02:22 |
Bhí sé furasta dearmad a dhéanamh scaití go raibh muid i bhfásach |
| 02:22 → 02:25 |
ach chuir an dúlra i gcuimhne dúinn air minic go maith! |
| 02:26 → 02:31 |
Bhí stoirmeacha deannaigh ann go minic agus b'eigean dúinn gloiní cosanta a chaitheamh agus masc a chur orainn |
| 02:32 → 02:35 |
D'fhan a lán daoine ina bpubaill |
| 02:35 → 02:38 |
ach b'fhearr liom féin a bheith ag taiscéal ansin! |
| 02:47 → 02:51 |
Ós rud é gur cathair mhór a bhí i gceist, bhí rothair againn |
| 02:51 → 02:53 |
ach bhí roghanna eile ann! |
| 03:05 → 03:08 |
San oíche bhí solais orainn agus mar sin níor bhail muid fúinn |
| 03:13 → 03:16 |
Bhí cóisirí againn gach oíche a lean ar aghaidh go héirí na gréine |
| 03:23 → 03:27 |
Tugadh an t-ainm "Burning Man" ar an imeacht toisc gur dódh fear adhmaid mór a bhí ann ar an Satharn |
| 03:27 → 03:32 |
Cheap a lán daoine go raibh sin ar an chuid is fearr den tseachtain |
| 03:32 → 03:35 |
ach b'fhearr liom féin dó an teampaill |
| 03:37 → 03:42 |
Le linn na seachtaine d'fhág gach duine dínn nótaí ina dhiaidh sa teampall a scríobh sé chuig cairde gaoil dá chuid a cailleadh |
| 03:42 → 03:46 |
Nuair a dhó muid an teampall ina raibh na nótaí is an iarmhais, d'fhág muid slán acu |
| 03:50 → 03:53 |
Mothúchán dochreidte a bhí ann an oíche úd |
| 03:53 → 03:56 |
D'fhan muid ann go dtí gur leag an tine an teampall go hiomlán |
| 04:00 → 04:04 |
Níor fhág muid bruscar ar an fhásach, mar tá fealsúnacht chomhshaoil ann |
| 04:05 → 04:11 |
Mar sin bhí an fásach mar a raibh sé roimh an imeacht |
| 04:11 → 04:13 |
mar nach mbeadh duine ar bith ann |
| 04:13 → 04:17 |
Chonaic mé taobh níos féile agus níos spórtúla den nádúr daonna i rith na seachtaine |
| 04:17 → 04:19 |
agus ní dhéanfaidh mé dearmaid ar na rudaí a d'fhoghlaim ann |

